I ndiaidh an tréimhse sin, rinne sí suas a hintinn imeacht go Albain. Bhí pas (passport) de dhith uirthi fá choinne sin, chuaigh sí anonn le fear as Dobhair darbh ainm Hughie Doogan, a bhí ag toghadh phreátaí. Níor chaith sí ach mí amháin ansin, d’imigh sí go Glaschú. Ní raibh dúil aici in obair na bpréataí. Fuair sí obair ansin. Bhí achan rud gann san am agus bhí leabhar raisín (ration) acu le hearraí a fháil m.sh. tae, siúcra agus im. A cuimhne ar am an chogaidh sin, earraí gann, na soilse as san oíche. Chaitheadh siad a dhul isteach i ndídean aer ruathair nuair a bhíodh na bonnáin ag dul as.
Fad: 00:02:49 Éist
Thosaigh sí ag obair ansin in Dundee, bhí sí ag déanamh obair tígh, casadh a fear céile uirthi ansin. Pósadh i 1947 í, bliain an tsneachta mór in Albain, ar feadh sé seachtaine. Bhí deacrachtaí acu fáil thart ó áit go háit.
Fad: 00:01:36 Éist
A cuimhne ar an bhus, nuair a chuaigh sí amach na Lagáin agus nuair a d’imigh sí go hAlbain. Chuaigh sí go hAlbain ar bhád Dhoire agus a cuimhne ar an turas sin, thiocfadh leis an turas a bheith garbh go leor. Bhíodh fir, mná agus páistí ar an bhád agus go leor den am bhíodh moll daoine tinn.
Leanstan ar aghaidh ag caint ar an turas go hAlbain agus ag fáil oibre nuair a shroich siad thall. Bhí pas (passport) de dhith le dhul go hAlbain. Bhí teach i nDoire, An Gweedore Bar, a théadh siad isteach ann nuair a bhíodh siad teacht agus ag imeacht go hAlbain.
Fad: 00:04:41 Éist
Ag pilleadh go hAlbain tar éis blianta. Bhí athrach mór le feiceáil. Rinne sí turas d’Albain cúpla bliain ó shin, ar na háiteanna uilig a bhí sí ag obair ann. Cheannaigh siad teach i nDún Éadan, chosain sé £500 agus dhíol siad é i 1963 sular tháinig siad na bhaile. Leagadh na tithe sin ó shin. Ag obair sna tolláin a bhí a fear céile. Thóg siad an teach sa bhaile in Éirinn i 1965. Bhí na hÉireannaigh tugtha go leor de cheannach tithe in Albain san am.
Fad: 00:03:12 Éist
Bhí níos mó dúil aici i nDún Éadan ná i nGlaschú cé go raibh daoine muinteartha i nGlaschú aici. Bhí go leor caitheamh aimsire acu fosta, bhí damhsaí acu agus is Éireannaigh uilig a bhíodh ansin. Ní raibh sí ach 19 bliana d’aois nuair a pósadh í.
Cé go raibh am crua acu san am, i dTír Eoghain agus in Albain, ní raibh laethanta saoire ar bith le fáil, obair uilig, ní dhearna sé dochar ar bith daofa.
Fad: 00:02:07 Éist